Plean Éalaithe
- Home
- /
- Cúinne na Leanaí
- /
- Plean Éalaithe
Tarraing Plean Éalaithe ó do Theach
Ar dtús, tarraing gach urlár i do theach.
Thíos staighre
- Tarraing do chistin – is leor cearnóg.
- Tarraing do halla ag teacht amach as do chistin.
- Tarraing do sheomraí ag teacht amach as do halla.
Staighre
- Tarraing do staighre – de ghnáth bíonn sé taobh le do halla/comhthreomhar le do halla.
Thuas Staighre
- Tarraing do léibheann cheann staighre sa chruth inar dóigh leat go bhfuil sé ag barr do staighre.
- Tarraing na seomraí ag teacht amach as do léibheann cheann staighre.
Anois, smaoinímis faoi
PHLEAN ÉALAITHE.
Beidh sé seo ina chabhair mhór!
- Fan in aice leis an urlár agus téigh chuig an léibheann cheann staighre/an halla.
- Ba cheart go mbeadh sé seo sách glan ó dheatach, go háirithe má dhún tú do dhoirse an oíche roimhe.
- Téigh chuig an doras tosaigh.
- Oscail an doras tosaigh – ba cheart go mbeifeá in ann an doras a dhíghlasáil gan eochair nó ba cheart go mbeadh a fhios agat cá bhfuil an eochair in aice láimhe.
- Téigh chuig do phointe tionóil comhaontaithe.
- Cuir daoine ar an eolas. Ba cheart duit nó do chomharsa glaoch a chur ar 999/112.
- Fan amuigh!
- • Anois tarraing plean éalaithe bunaithe ar na treoracha thuas.
- Má thugann bhur Múinteoir cead daoibh, déanaigí ceann ar an gclár bán le chéile!