Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin, 2024
- Home
- /
- Sábháilteacht Dóiteáin
- /
- Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin, 2024
30ú Meán Fómhair – 6ú Deireadh Fómhair 2024
Téama: “Níor thosaíomar an Dóiteán” – Ach cad ba chúis leis?!.
Tá sé mar aidhm ag Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú, go háirithe sa bhaile.
Sa domhan oibre cumaisc nua tá go leor againn ag caitheamh níos mó ama sa bhaile agus mar sin tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfí ar an eolas sinn go léir faoi na céimeanna is féidir linn a ghlacadh chun sinn féin agus ár dtithe a chosaint ó dhóiteán.
An bhliain seo, don tSeachtain Sábháilteachta Dóiteáin, beimid ag díriú ar dhóiteáin a sheachaint sa bhaile trí thuiscint a fháil ar na cúiseanna is mó lena dtarlaíonn siad agus trí chéimeanna a ghlacadh chun stop a chur leo sula dtosaíonn siad. Nuair a thosaíonn dóiteán, féadfaidh sé a bheith gan stad, mar sin tá sé ríthábhachtach go ndéanfar gach ar féidir chun dóiteán a sheachaint.
Spreagfar daoine lena bhfeasacht ar shábháilteacht dóiteáin sa bhaile a mhéadú trí Sheiceálacha Sábháilteachta Dóiteáin rialta a dhéanamh agus trí na céimeanna STOP a chur le Dóiteán a leanúint chun a dtithe a chosaint.
- S – Suiteáil Aláraim Deataigh. Bí cinnte go bhfuil ceann amháin ar a laghad agat ar gach leibhéal/urlár.
- T –Tástáil d’aláraim deataigh uair sa tseachtain nó iarr ar dhuine éigin iad a thástáil duit.
- O – Oscail do Shúile do Chontúirtí Soiléire. Bí ag faire amach do rioscaí dóiteáin amhail soicéid rólódáilte, coinnle agus fearais atá fágtha gan aon duine ag coinneáil súil orthu.
- P – Coinnigh na bealaí amach glan agus bíodh d’eochracha in aice láimhe agat.