Fáilte chuig Cúinne na Leanaí
Faigh amach faoi Shábháilteacht Dóiteáin agus seol do chuid ceisteanna, pictiúir agus tuilleadh ar aghaidh chugainn!
Leideanna Gearra maidir le Sábháilteacht Dóiteáin
I gcás dóiteáin, glaoigh ar an uimhir 999 nó ar an uimhir 112!
Cuimhnigh - Gabh Amach, Fan Amuigh agus Cuir Fios ar an mBriogáid Dóiteáin!
Cuir gnáthnós istoíche le chéile agus mar chuid den gnáthnós sin déan na doirse ar fad a dhúnadh agus tabhair faoi sheiceáil sábháilteachta dóiteáin sula dtéann tú a chodladh. Coinnigh súil amach do bhaoil dóiteáin amhail soicéid rólódáilte agus gutháin a bheith á luchtú. Ná fág plugáilte isteach iad i gcaitheamh na hoíche!
Déan gutháin agus táibléid a luchtú go sábháilte! Ná bíodh said ag luchtú i gcaitheamh na hoíche. Bíodh siad leagtha ar dhromchla neamh-inlasta. Ná húsáid ach luchtairí ón déantóir bunaidh a bhfuil muinín agat astu.
Cuimhnigh STOP a chur le Tine!
Smoke Alarms - Aláraim Deataigh (ar a laghad ceann ar gach aon urlár)
Test - Déan iad a thástáil uair in aghaidh na seachtaine
Obvious Dangers - Dainséir Shoiléire (déan baoil dóiteáin a chuardach i do theachsa agus faigh réidh leo)
Plan - Pleanáil do Bhealaí Éalaithe
Déan amach plean i gcomhair tearmann sábháilte ar fhaitíos nach mbeadh tú ábalta éalú ón teach. Is ionann sin agus seomra ina bhféadfaidh an teaghlach ar fad fanacht ann go dtabharfar slán iad.
NÁ
Téigh isteach i dteach atá trí thine chun nithe pearsanta a thabhairt leat RIAMHTóg na ceallraí as an Aláraim Deataigh i gcomhair ní éigin eile RIAMHBíodh scáthán crochta agat os cionn teallach ina lastar tine cheart RIAMHCuir isteach ar ár gcomórtas!