
Brath
Leideanna agus comhairle maidir le haláraim deataigh a cheannach agus a úsáid
Aláraim chun tú a choinneáil slán
Tá Aláraim Dheataigh deartha chun foláireamh luath a thabhairt duit faoi dhóiteán. Ní raibh an tAláram Deataigh ag obair ag 82% de na tinte a raibh básanna mar thoradh orthu. Is é an t aláram deataigh optúil an ceann is coitianta, agus tá sé saor.
Má bhíonn deacracht agat aláram nó aonad optúil deataigh a chur ar fáil do dhaoine lagéisteachta, d’fhéadfá a bheith i dteideal leas a bhaint as ceann/cinn saor in aisce lenár Scéim Aláraim Deataigh Pobail – Téigh i dteagmháil le d’Údarás Dóiteáin Áitiúil le haghaidh sonraí.
Aláram Deataigh Optúil
Is fearr chun tinte cnáfairte mall a bhrath. Ba cheart aláraim dheataigh optúla a úsáid i seomraí suí, i limistéir chúrsaíochta agus ag bealaí éalaithe chomh maith le i seomraí codlata

Aláram Teasa
Freagraíonn sé do theas, agus tá sé frithsheasmhach in aghaidh múch sa chistin cosúil le ó thósta dóite. Ba cheart aláraim theasa a úsáid i limistéir chistine mar is mó seans go dtosóidh an t-aláram ar chineálacha braiteora eile.

Aonad do Dhaoine Lagéisteachta
Ceanglaíonn na haonaid sin le haláram optúil nó teasa, agus cuirfidh siad duine atá bodhar nó ar lagéisteacht ar an airdeall trí stróbsholas agus ceap creathaidh a ghníomhachtú.

Aláram Aonocsaíde Carbóin
Is éard atá in aonocsaíd charbóin ná gás nimhiúil gan dath, gan bholadh. Is féidir le nimhiú aonocsaíde carbóin a bheith ina chúis le breoiteacht, cailliúint comhfheasa nó fiú bás. Is féidir faisnéis agus comhairle maidir le hAonocsaíd Charbóin a fháil ar Shuíomh Gréasáin Aonocsaíde Charbóin nó trí ghlaoch a chur ar 1800 898 989.
Cuimhnigh go bhfuil aláram aonocsaíde carbóin difriúil ó aláram deataigh nó aláram teasa, agus ba chóir é a úsáid sa bhreis air sin i seomraí ina bhfuil breosla iontaise á dhó.

Leideanna maidir le d’aláraim deataigh a úsáid
Cé mhéad aláram deataigh a theastaíonn uaim?
Ar mhaithe le cosaint uasta, aláram deataigh amháin in aghaidh an tseomra ach amháin an seomra folctha, an chistin agus an garáiste. Féadfar aláraim theasa a mheas sa chás go bhféadfadh múch ó chócaireacht nó deatach ó thoitíní nó ó thinte oscailte a bheith ina cúis le gníomhachtú aláraim nach dteastaíonn.
Chun cosaint íosta a fháil, aláram deataigh amháin do gach leibhéal/urlár do thí.
Cá gcuirfidh mé iad?
Ar an tsíleáil chomh gar do lár an tseomra agus is féidir. Coinnigh i gcuimhne do chumas an t-aláram deataigh a chloisteáil san oíche agus an doras dúnta.
Bíodh do Phlean Aslonnaithe ar eolas agat!
Is é cuspóir an Aláraim Deataigh ná foláireamh luath a thabhairt má bhriseann tine amach! Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios agat féin agus ag do theaghlach go díreach céard atá le déanamh nuair a ghníomhaíonn an tAláram Deataigh. Faigh tuilleadh eolais faoi Phleananna Aslonnaithe anseo.
Tástáil agus Cothabháil
Is beag cothabháil a theastaíonn ó aláraim dheataigh ach lena chinntiú go n-oibríonn sé nuair is gá:
- Déan tástáil ar an aláram deataigh uair sa tseachtain tríd an gcnaipe tástála a bhrú agus a choinneáil brúite go dtí go ngníomhaíonn sé.
- Gach 6 mhí glan an chásáil le folúsghlantóir agus scuab í chun fáil réidh le deannach.
- Athraigh an cadhnra gach bliain.
- Roimh an dáta éaga, athraigh an t-aláram deataigh.