Sábháilteacht dóiteáin ghnó
Leideanna agus comhairle maidir le dóiteán a chosc agus ullmhú ina leith san ionad oibre
- Home
- /
- Sábháilteacht Dóiteáin
- /
- Sábháilteacht dóiteáin ghnó
Cosc
Moltar na bearta coiscthe dóiteáin seo a leanas a ghlacadh i reáchtáil laethúil an áitribh:
Bruscar agus Dramhaíl: Ba cheart socruithe a dhéanamh chun dramhaíl a bhailiú agus a aistriú go rialta.
Caitheamh Tobac: San áit ina gceadaítear é, ba cheart go mbeadh caitheamh tobac teoranta do limistéir cheadaithe. I limistéir caithimh tobac, ba cheart go mbeadh luaithreadáin oiriúnacha curtha ar fáil. Ba cheart luaithreadáin a fholmhú go minic isteach i mboscaí bruscair miotail agus aon ábhar gríosaí a mhúchadh roimh ré.
Suiteálacha agus Fearais Leictreacha: Ba cheart do chonraitheoir inniúil cláraithe leictreachais iniúchadh agus tástáil a dhéanamh ar an tsuiteáil leictreach de réir Chaighdeán na hÉireann 10101. Ba cheart oiliúint a chur ar an bhfoireann chun trealamh leictreach a úsáid i gceart agus go sábháilte, agus chun trealamh leictreach lochtach a thuairisciú.
Stóráil Sorcóirí/Cartús Gáis: I gcás ina stóráiltear sorcóirí gáis brúchóirithe i bhfoirgnimh, ba cheart go mbeadh an stóráil i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha. Ba cheart leachtanna inadhainte a stóráil i gcoimeádáin dhúnta.
Gaothairí: Ba cheart aon scagairí, gaothairí, pointí rochtana, gaothráin, etc. a ghlanadh go rialta ó ola, gréisc agus dusta.
Bí Ullmhaithe
Plean Aslonnaithe: Bíodh plean aslonnaithe agat a bhfuil gach duine ar an eolas faoi. Ba cheart druileanna a ionsamhlaíonn cásanna dóiteáin agus éigeandála a dhéanamh ar bhonn rialta.
Nósanna Imeachta: Cuir na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm agus cuir in iúl don Fhoireann iad:
- nós imeachta aird a ardú ar an aláram;
- nós imeachta do na daoine san áitreabh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
- nós imeachta chun glaoch ar an tseirbhís dóiteáin;
- nós imeachta chun tuairisciú chuig pointe(í) tionóil réamhshocraithe agus chun an cás a chur in iúl do dhuine/do dhaoine ainmnithe;
- nós imeachta chun cuntas a thabhairt ar gach duine san áitreabh;
- nós imeachta chun cabhrú leis an tseirbhís dóiteáin ar theacht dóibh.
Coinnigh Bealaí Éalaithe Glan: Cinntigh go bhfuil gach bealach éalaithe gan bhac, go gcoinnítear doirse dó-obacha dúnta, agus go bhfuil doirse éalaithe éasca le hoscailt i gcónaí
Maoir Dhóiteáin Ainmnithe: Maoir dhóiteáin a cheapadh agus a oiliúint atá freagrach as na nósanna imeachta thuas a threorú.
Treoracha Sábháilteachta Dóiteáin d’Áititheoirí: Chomh maith le treoracha don fhoireann, ba cheart treoracha scríofa maidir leis an ngníomh atá le déanamh ag áititheoirí foirgnimh má thagann siad trasna ar thine nó má chloiseann siad an t-aláram dóiteáin a bheith in áiteanna feiceálacha ar fud an fhoirgnimh.
I gcás dóiteáin san ionad oibre
Má fheiceann tú dóiteán riamh i d’ionad oibre:
- ba chóir duit an chéad aláram dóiteáin a fheiceann tú a ghníomhachtú,
- dún na doirse taobh thiar duit chun cabhrú le cosc a chur ar scaipeadh an dóiteáin,
- téigh amach agus cabhrú le daoine eile aslonnú,
- glaoigh ar 999 nó 112.
Nuair is féidir ba chóir go bhfágfaí úsáid a bhaint as múchtóir dóiteáin agus aon iarracht dóiteáin a cheansú faoin tSeirbhís Dóiteáin.
Múchtóirí Dóiteáin
Déantar dóiteáin a rangú de réir na n-ábhar atá ag dó. Ceadaíonn an córas aicmithe seo duit an múchtóir dóiteáin ceart a roghnú.
- Aicme A – solaid indóite (páipéar, adhmad)
- Aicme B – leachtanna inadhainte (peitreal, díosal, biotáillí, péint)
- Aicme C – gáis inadhainte (meatán, bútán)
- Aicme D – miotail
- Aicme F – olaí agus saillte cócaireachta